Síniú Nuacht Téarmaí & Coinníollachaí English

Gléas Tuairiscithe Mheasúnú Contúirte NS SHARE

Tá córas idirghníomhach mapála agus bunachar sonraí forbartha ag an dTionscnamh NS SHARE (nod a sheasann do 'Acmhainní Uisce Roinnte Thuaidh Theas') len' úsáíd ag an bpobal agus saineolaithe araon. Cuireann an Gléas Tuairiscithe seo bealach díriú-'s-gliogáil ó léarscáileanna na Ceantair Abhantraí go dtí sonraí agus torthaí an mheasúnú contúirte a ullmhaíodh faoi Airteagal 5 den Chreat-Treoir Uisce.

Tá an córas seo ar-líne anois agus á óstáil ag Bord Seirbhísí Ríomhaireachta an Rialtais Áitiúil, a bhuíochas sin dóibh. Gliogáil ar an nasc thíos le do thoil le teacht ar an nGléas Tuairiscithe. Cuirfear ar aghaidh ag suíomh idirlín WFDIreland tú. Tar éis lódáil an tsuímh seo, gliogáil ar nasc an Ghléas Tuairiscithe atá in uachtar an fráma ar clé. Osclófar leathanach nua le treoracha conas logáil isteach do Chóras an Ghléas Tuairiscithe. Tá sé THAR A BHEITH tábhachtach go léifeá an téacs ar an leathanach fáilte ar logáil isteach duit agus go léifeá chomh maith an comhad cúnta a ghabhann leis ina iomlán.


http://193.178.1.149/reportingtool/
Riachtanais an Chórais:
  • SVG Plug-in:

    Clic ar an nasc thíos leis an plug-in do SVG a íosládáil. Roghnaigh an leagan do Win98 - XP ag bun an leathanaigh (leagan 3.03 nó níos fearr).
    http://www.adobe.com/svg/viewer/install/

    Seo an plug-in a ceadaíonn duit ábhar i bhfoirm SVG a fheiceáil agus tá sé ag teastáil más mian leat an Gléas Tuairiscithe Mheasúnú - na learscáil ach go háirithe - a úsáid.

  • Internet Explorer:

    Bí cinte go bhfuil Internet Explorer 6.0 nó níos fearr in úsáid agat.

Image of a river Image of coast Image of a beach